Oíche Fheil Bríde agus na nósanna a bhí ann. Bhíodh craic amach acu an oíche sin, bhíodh sé féin agus cúpla cara leis amuigh an oíche sin. Bhí seanbhean ar an bhaile a bhíodh ag an doras ag déanamh bruitíní agus an rógaireacht a bhíodh ar siúl acu. Chaith siad tornapa sa phota uirthi agus bhain siad an croí aisti.
Bhí teaghlach eile a chuireadh bratóg amach ar chrann, bhí na buachaillí ag dul thart agus thug siad leo an bhratóg. Laethanta ina dhiaidh sin bhí siad ag éisteacht leis na scéalta a bhí ag dul thart faoin bhratóg a d’imigh. | 00:03:41 | |